Women's Museum of Ireland

Eileen Gray

Dearthóir Cheiliúradh

Dcf80f26f79369bd5c694ccc96dc57b7 Eileen Gray; Berenice Abbott, 1926

Sa lá atá iniu ann, aithnítear Eileen Gray mar dhuine de na hailtirí agus dearthóir troscáin is nualaí agus is suimiúla ar domhan. Chruthaigh sí dearaí nua-aimseartha leis an sean-cheardaíocht laicear, teicníc ón tSeapáin, agus mar sin is í Eileen Gray duine de na dearthóirí is tábhachtaí, chomh maith le bean Éireannach a bhain clú idirnáisiúnta amach in earnáil a bhíodh lán le fir. Mar gheall ar an gcaoi go raibh sí rúnda agus príomháideach, tá an t-eolas atá againn ar a saol teoranta go maith.

Rugadh agus tógadh Kathleen Eileen Moray Gray, nó Eileen Gray inniú, i mBrownswood, Co. Loch Garman i 1878. B'as clann shaibhir Angla-Éireannach í. Duine uasaicmeach ab ea a máthair Eveleen Pound, ach phós sí ealaíontóir méanaicmeach in aghaidh nós an lae. Shocraigh Eileen traidisiún a dhiúltú ina saol féin chomh maith, agus caidrimh aici le fir agus mná. Cosúil le cailíní saibhre ag an am sin, rinne Eileen staidéar i scoil ealaíne Slade i Londain agus í ina cónaí lena clann i South Kensington. Ghlac sí páirt i ranganna ealaíne, ach cheap sí go raibh siad leadránach. Chonaic sí ealaín laicir don chéad uair sa mhúsaum Victoria is Albert, rud a chuaigh i bhfeidhm go mór uirthi agus sheasfadh léi amach ina saol.

Lean sí ar aghaidh ag staidéar ealaíne i bPáras nuair a bhog sí ann le beirt chara i 1902. Nuair a bhí a máthair tinn, bhog sí ar ais go South Kensington agus bhuail sí le D. Charles, ealaíontóir laicir i Soho. Ina cheardlann, chonaic sí Charles ag obair agus thug sé eolas di maidir le hobair laicir i bPáras. Chuaigh sí go Páras arís agus d’oibrigh sí le healaíontóir laicir darbh ainm Seizo Sugawara. Bliain an-tábhachtach í 1913 d’Eileen, mar chuir sí a saothar laicir ar taispeáint sa Salon des Artistes Decorateurs, agus d’oibrigh sí lena cliant flúirs, Jacques Doucet, den chéad uair.

D’fhan Eileen agus Sugawara i Sasana i rith an Chéad Chogadh Domhanda, ach chuaigh siad ar ais go Páras chun obair a dhéanamh in árasán Madame Mathieu-Levy, ar an tSráid du Lota. Chruthaigh Eileen troscáin lámhdhéanta, chomh maith le cáirpéid agus painéil. Maidir le troscáin, chruthaigh sí an cathaoir Bibendum, déanta le dhá fheadán leathair. Bhain sí usáid fhairsing as laicear san árasán, mar shampla, chuir sí cúpla céad painéal laicir ar na ballaí sa halla. D’úsáid sí na painéil sin mar spreagadh nuair a dhear sí an ‘foscadh Block’.

Óna cairdeas leis an ailtire, Jean Badovici, d'oscail sí siopa Galerie de Jean Désert i 1922. Ag an am sin bhí cúpla dearthóir ban i Sasana agus sna Stáit Aontaithe, ach bhí Eileen ina aonar I meas na bhfear i bPáras. I 1923, chruthaigh sí ‘Bedroom-Boudoir’ do Monte-Carlo agus cuireadh ar taispeáint é sa Salon des Artistes Décorateurs. I 1926, cheannaigh an Majaraja ón Indore dhá chathaoir Transat léi, cathaoireacha a chruthaigh sí do thionscadal nua, an foirgneamh E-1027 i Rochebrune, áit a bhfuil ina shéadchomhartha náisiúnta inniu.

I 1926 thosaigh sí ar an teach E-1027 a thógáil do Badovici ar aill ghéar ag breathnú amach ar an Méanmhuir. Teach nua-aimseartha é E-1027, múnla ailtireachta den scoth. Bhain sí úsáid as ballaí suite chomh maith le foscaí luaileach. Réitigh an t-ailtireacht agus an troscán le chéile mar d’eagraigh Eileen spás ar mhodh loighciúil. Is beag moladh a fuair E-1027 i rith a saoil, ach anois aithnítear é mar shárshampla d'ailtireacht nua-aimseartha, éacht iontach ag deartháir nach raibh aon oiliúint fhoirmeálta aici.

Dhear Eileen teach di féin i Tempe a Pailla i 1932, ach b'éigean di bogadh intíre mar gheall ar an Dara Cogadh Domhanda. Ba é toradh na tréimhse sin a chaith sí scartha amach ón tsochaí ná go raibh Eileen ina díthreabhach as sin go dtí lá a báis. Nuair a chuaigh sí ar ais chuig Tempe a Paille, bhí an teach scriosta, cosúil leis a teach i St. Tropez, áit a raibh a saothar faoi stór. Bhí sí croíbhriste agus mar sin ní dhearna sí obair san am sin. I 1954, thosaigh sí ag tógáil teach nua di féin i Lou Perou in aice le St. Tropez, ach d’fhan sí as an spotsolas. Lean sí ar aghaidh ag dearadh ina hárasán ar an tSráid Bonaparte go dtí go bhfuair sí bás i 1976. Fógraíodh a bás ar an raidió náisiúnta sa Fhrainc mar thuig an tír, agus an domhan, go raibh bean le tallann iontach caillte.

Faoi láthair, tá an Fhrainc agus Éire ag obair le chéile chun sárintleacht Eileen Gray a chur chun cinn. In Éirinn, tá taispeántas seasta in Árd-Mhusaum Dún Uí Choileáin ina bhfuil scéal Eileen le fáil, chomh maith le samplaí dá saothar. Fuair an músaem an saothar óna hárasán i bPáras nuair a fuair sí bás. Le déanaí, cuireadh taispéantas iardhearcadh ar bun san Ionad Georges Pompidou i bPáras, ina bhfuil saothar nach raibh ar taispeáint roimhe seo le feiceáil. D’oscail an t-Úachtarán Mícheál D. Ó hUiginn an taispeántas nua i mí Fheabhra agus beidh sé seo ar oscailt go dtí mí Bealtaine. Mar a dúirt an t-Úachtarán, tugann an taispeántas sin aitheantas di nach bhfuair sí i rith a saoil.

Ella Ní Haiséid

You can read this article in English here.